Conspóid an Carna Bay Hotel: Cad é seasamh mhuintir na háite?
‘Caith do chuid airgid i do cheantar féin’, manna a bhí in úsáid le linn na dianghlasála, aimsir Covid-19. Ach bíonn ceantair iargúlta ag súil le turasóirí chun airgead a tharraingt isteach. I gcás Iorras Aithneach, go dtí cúpla bliain ó shin– bhí na turasóirí seo ag cur in Óstán Chuan Charna, nó an Carna Bay Hotel, mar ab fhearr aithne air. Ach bhí casadh sa scéal - thosaigh cogadh i bhfad ón bhaile san Úcráin sa bhliain 2022 agus glacadh leis an gcinneadh tearmann a chur ar fáil do theifigh a bhí ag éalú ó fhórsaí na Rúise. Trí bliana ar aghaidh – anois tá an t-óstán i mbéal an phobail – ach cén fáth? Le haghaidh an scéal seo a mhíniú agus dearcadh muintir na háite a roinnt linn tá Meadhbh Ní Ghaora.... Foclóir: Ag impigh - implore Dianghlasáil - lockdown Úinéir - owner De réir mo thuairime - according to my opinion Go tráthúil - topical Arna mhárach - the following day Cógaslann - chemist Glan an fírinne - the plain truth Baol - threat Go géar - critically I bponc - stuck Scriosadh - spoiling Díbir - expel Critéar - criteria Brabús - profit Áiseanna - facilities See omnystudio.com/listener for privacy information.
--------
25:14
‘Raising Gaeilge’: Parenting as Gaeilge agus ceachtanna atá foghlamtha
Tá béim láidir ar an dátheangachas na laethanta seo agus pléitear go maith na buntáistí a bhaineann leis. Ach cé chomh deacair is atá sé páiste a thógáil trí Ghaeilge, go háirithe nuair atá siad timpeallaithe ag an Bhéarla? Cuireann Siún Ní Dhuinn an spotsolas ar na deacrachtaí atá le sárú mar thuismitheoir agus í ag tógáil páiste le Gaeilge agus na ceachtanna atá foghlamtha aici ar an bhealach. Foclóir: Ag streachailt: Struggling A chur in iúl: To express Oiriúnach: Appropriate Modh: Method Ullmhúchán: Preparation Feighlí linbh: Baby-sitter Amscaí: Awkward Constaicí: Hurdles Cinneadh: Decision Scáileán: Screen Cathanna: Battles Foirfe: Perfect Diabhal: Devil Tréimhse: Period of time Slí bheatha: Career Na maidí a ligean le sruth: To take your eye off the ball See omnystudio.com/listener for privacy information.
--------
20:29
Stair an ‘Far-Right’ in Éirinn agus ceist na Gaeilge
Le blianta beaga anuas, tá cuid mhór cainte ann faoin eite fíordheis. Trasna na hEorpa tá méadú tagtha ar líon na Páirtithe ar an eite fíordheis atá ag dul i mbun cumhachta. Tá na grúpaí seo ag bailiú nirt, ach ní gluaiseacht nua é seo in Éirinn. Amharcann na hiriseóirí Ciarán Dunbar agus John Downing siar ar an faisisteachas i stair na tíre seo. Foclóir: Ábhartha: Relevant An eite fhíordheis: Far-right Faisisteachas: Fascism Daonlathas: Democracy Leasainm: Nickname Círéibeacha: Riots Cine: Race Iomarcach: Excessive Docht daingean: Firm Coimeádach: Conservative Eisceachtúil: Exceptional Féiniúlacht: Identity Leagan: Form Ciníoch: Racist Dornán: Handful See omnystudio.com/listener for privacy information.
--------
23:35
Kneecap i lár conspóide: Agóid pholaitiúil nó gríosú chun fuatha?
Is mion minic a bhfeictear Kneecap i lár conspóide, ach an ndeachaigh siad thar fóir an uair seo? Ó cuireadh teachtaireachtaí frith-Iosrael in airde ar scáileán mhór ag a gceolchoirm ag Coachella coicís ó shín, tá súile an domhain ar an mbanna ceol, agus tá fiosrúchán ar bun ag póilíní frithsceimhlitheoireachta sa Bhreatain. An bhfuil ráitis agus físeáin Kneecap ag cothú gríosú chun fuatha nó an agóid pholaitiúil é? Agus cad é an tionchar a bheith aige seo ar an bhanna ceoil amach anseo? Labhraíonn an tuairisceoir Róisín Ní Mhaoláin faoi Kneecap agus an chonspóid is déanaí. Foclóir: Conspóid: Controversy Cáineadh: Criticism Tost: Silence Líomhaintí: Allegations Coireacht: Crime Úrlabhraí: Spokesperson Ag béicíl: Shouting Frithsceimhlitheoireacht: Counter-terrorism Cúlghair: Revoke Baol: Jeopardy Lucht leanúna: Fans Fulaingt: Suffering Saoirse cainte: Free speech See omnystudio.com/listener for privacy information.
--------
21:24
Bás an Phápa, séipéal scriosta & todhchaí Fhoras na Gaeilge: What’s hitting the headlines this week?
Is tréimhse ciúin í an sos Cásca sna seomraí nuachta go minic. Leis an Dáil agus na scoileanna ar saoire ag an am seo bliana, ní bhíonn iriseoirí leath comh gnóthach is a bhíonn de ghnáth. Ach is léir nach amhlaidh an Cháisc seo. Ar an bpodchraoladh, tugann Gearóid Ó Muilleoir, eagarthóir Seachtain, agus an t-iriseoir Ciarán Dunbar, spléachadh ar mhórscéalta an nuachtáin. Foclóir: Ar shlí na fírinne: Departed or passed away I lár an aonaigh: In the spotlight Tórramh: Funeral Agóidíocht: Protesting Béim: Emphasis Mí-úsáid: Abuse Íospartaigh: Victims Árasán: Apartment Mianta: Desires See omnystudio.com/listener for privacy information.